← Bhí trí chéad fear ag baint chloch i nGleann na Smól, gleann aoibhinn seilge na Féinne. 🔊✎
← Bhí buíon acu crom istigh faoi leac mhór agus gan dul acu a tógáil. 🔊✎
← Le neart agus le lúth a ghéag chuir sé seach bpéirse as a háit í. Bhris giorta an eich bháin le meáchan an urchair, agus sular mhothaigh an gaiscíoch bhí sé ina sheasamh ar a dhá bhonn ar thalamh na hÉireann. 🔊
← B'iontach le gach uile dhuine an seanóir críon liath a bhí os méid gach fir agus an rud a tharla dó. 🔊✎
← Ansin shuigh Oisín i bhfianaise Phádraig agus na cléire gur inis sé a scéal ar Thír na nÓg agus ar Niamh Chinn Óir a mheall ón Fhiann é. Maidin cheo i ndiaidh Chath Ghabhra bhí fuílleach áir na Féinne ag seilg fá Loch Léin. 🔊
← Bhí coróin ríoga ar a ceann, agus brat donn síoda a bhí buailte le réalta dearg-óir á cumhdach go sail. 🔊✎
← Bhí a gruaig ina duala buí óir ar sileadh léi agus a gormshúile mar dhrúcht ar bharr an fhéir. 🔊✎
← B'iomaí lá aoibhinn a bhí ag Fionn agus Oisín i gceann na Féinne fá réim, ag imirt fichille is ag ól, ag éisteacht cheoil is ag bronnadh séad. 🔊✎
← B'iomaí lá eile a bhí siad ag sealgaireacht i ngleannta mine nó ag treascairt laoch i ngarbhghleic. 🔊✎
← Bhí bheirt mhac acu ar bhaist siad Fionn is Oscar orthu agus iníon álainn a dtug siad Plúr na mBan uirthi. 🔊✎
← Níl Éire anois mar a bhí, agus ní fheicfidh tú Fionn ná na Fianna." 🔊✎
← Thairg Pádraig ansin Oisín a choinneáil ar a theaghlach agus a thabhairt leis ar a thurais ar fud Éireann, óir bhí trua aige don tseanóir dhall agus ba mhaith leis seanchas an tseansaoil a fháil uaidh agus soiscéal Dé a theagasc dó i ndeireadh a aoise. 🔊✎